a poem as Gaeilge, for SnaG ! haven't posted in a bit, hello :P
Pacálfaidh mé mo mhála le torthaí,
oráistí agus bananaí,
rud éigin geal, samhrúil
chun an t-ualach a éadromú.
Loiceann mo cheann ar nós traein
le paisinéirí míshocair ag corraí inti,
ag fanacht ar fhógra, comhartha –
suím leis an mála idir mo chosa.
Nuair a bhogaim,
buaileann na hóráistí le chéile.
Cleachtaim abairtí beaga,
ag cogarnaíl i measc na ndaoine.
ag útamáil le mo mhéara –
is leor na cuimhní
d’am
nach raibh mé chomh plódaithe i m’inchinn.
Is minic a chaithim laethanta mar sin.
Nuair a fhéachaim síos ar mo mhála,
ar na torthaí
agus an craiceann fós orthu,
leathshúil agam
go n-íosfaidh mé amárach iad.
Add comment
Comments