lá na nAithreacha; a piece i wrote for father's day last year.
Dhún sé an doras go ciúin ina dhiadh, ag filleadh ar ais go dtí a sheomra ar a bharraicíní. Seans nár chodail sé néal, agus an triúr againne dúisithe chomh luath agus a d’fhéadfaimis. Agus isteach linn, suite ag cos na leapa san uair mharbh na hoích, ag oscailt suas na bronntanais beaga a bhí fágtha ag Santaí inár stocaí crochta. Rudaí beaga réasúnta a bhíodh ann, ar nós gogos agus péire stocaí teirmeacha don aimsir sheaca mí Eanáir. Is cuimhnigh liom go maith é, mo ghruaig tarraingthe suas i lústar flústar le mo chéad féirín ó mhaidin Nollaig, ag rítheach síos go dtí an seomra suite.
Agus go ciúin is go dhún sé an doras an mhaidin mhoch sin, d’oscail sé arís é, ag caitheamh cnámh don mhadra sular tháinig sé ar ais isteach chugainn. Las ár shúile le spéis nuair a chonaiceamar an caireid a bhí ina láimh aige- clúdaithe le sneachta briosc agus é ag leá sa teocht ár theach. Bhí plaic bainte as an mbarr, “Thit sé ó Rudolph ar barr an tí”, a dúirt sé, ag gáire leis féin agus an triúir againn ag stánadh air, ár béal ar leathadh. Ní déanfaidh mé dearmad go deo ar an mhaidin sin, agus mé níos sinne anois táim corraithe ag a mhian an lá a tosú amach le beagán gliondar agus draíocht.
Sin é meon na haithreacha.
Ag déanamh obair bhaile mata liom ag bord na chistine deireanach san oíche. Ag seasamh ar an taobhlíne ag gach cluiche spóirt atá agam. I gcónaí ag oibriú go staonadh ar mhaithe liom.
Le deanaí, bhí orm éirí as mo phost i gcaife tar éis seal go leith. Ghlaoigh mé air chun mé a phiocadh suas. Níor labhair muid faoi, agus shuigh mé ag caoineadh san suíochán tosaithe den veain, trína chéile faoi céard a tharla, agus cén sórt saol a bhí amach romham. Ag éirí as post mar ní raibh mé ábalta seal a seasamh gan taom imní? Bhí cuma gruama ar na todhchaí. Ach ní raibh mé trína chéile faoi sin, bhí mé buarach gur lig mé síos mo mhuintir. Nuair a shroicheamar an baile, díreach isteach sa doras, chas m’athair chugam agus rug sé barróg orm. Dúirt sé liom go raibh sé ceart go leor, go rinne mé mo ndícheall. Sin an méid a bhí ag teastáil uaim ag an am. Barróg ó mo Dhaide, agus an gealltanas de ghrá gan choinníoll.
Sin é meon na haithreacha.

Add comment
Comments